← "Cuirim geasa ort nach bhfulaingíonn fíorlaoch, a Oisín fhéile," ar sise, "mura dtaga tú ar ais liom go Tír na nÓg. 🔊✎
← Is í an tír is aoibhne faoin ghrian. 🔊✎
← "Is tú mo rogha thar mhná an domhain, agus rachaidh mé le fonn go Tír na nÓg leat." 🔊
← Ansin ghluais siad leo thar an gharbhmhuir go bhfaca siad an tír aoibhinn lena dtaobh, na machairí mine fá bhláth, na grianáin a cumadh as clocha solais, agus an dún rí a raibh gach dath ann dá bhfaca súil. 🔊✎
← "Beidh do shaol buan sa tír seo agus beidh tú choíche óg." 🔊✎
← "Deirim leat fá dhó, a Oisín, má thig tú anuas den each bhán, nach bhfillfidh tú choice go Tír na nÓg." 🔊✎
← Tiocfaidh mé slán ar ais go Tír na nÓg." "Deirim leat fá thrí, a Oisín, má ligeann tú uait an t-each bán éireoidh tú i do sheanóir chríon liath, gan lúth, gan léim, gan amharc súl. 🔊
← Chuaigh sé ar mhuin an eich bháin agus thug a chúl go dubhach le Tír na nÓg. 🔊✎